FACEBOOK

SIOPA / SHOP

Siamsaíocht

Comórtas Peile na Gaeltachta le TG4


Tá sé i gceist againn féile den scoth a reachtáil do Comórtas Peile na Gaeltachta 2014. Chomh maith leis na cluichí, Oll-phobal, An Cailín Gaelach, na cluichí & srl beidh muid ag eagrú féile speisialta do pháistí, comórtas caitheamh crúití, Comórtas na mBan, Comortas Peile idir Scoileanna, Comórtas Liathróid Láimhe agus go leor eile!

Beidh Mike Denver linn san oll-phobal ar an Deardaoin agus beidh Comhaltas Mhaigh Cuilinn, Na Ceannabháin, Blunder Brow, Aerach, Don Stiffe agus Marcus Hernon linn ar feadh an deireadh seachtaine 

Beidh neart le deanamh don deireadh seachtaine mar go bhfuil áiseanna turasóireachta den scoth sa gceantar idir iascaireacht, galf, pairc ainmhithe, gáirdín turasóireachta, ionad rothaíochta babhlá (cycling dome) agus ionaid turasóireachta éagsúla.

Beidh láthair speisealta againn do pháistí ag an bpáirc ar feadh an deireadh seachtaine áit a beidh neart le déanamh acú.

Tá an baile lán le bialanna, siopaí, tithe ósta agus gach rud eile a bheadh uait le haghaidh deireadh seachtaine fada den scoth a chaitheamh inár gcuideachta.


We intend to have an outstanding festival in Maigh Cuilinnn during Comórtas Peile na Gaeltachta 2014. A well as the games, the entertainment tent, An Cailín Gaelach, the various awards ceremonies etc, we intend to have a special festival for kids, full of kids activities, Ladies Football competition, a handball competition, and a horseshoe throwing competition. 

Our music programme will start with Mike Denver on Thursday the 29th of May as well as Comhaltas Mhaigh Cuilinn, Na Ceannabháin, Blunder Brow, Aerach, Don Stiffe and Marcus Hernon throughout the weekend.

We will have a dedicated play area for our younger visitors at the pitch.

This, combined with the tourist facilities in the area like fishing expeditions, golfing, animal park, tourist gardens, cycle centre with a cycle dome, marble centre, award winning restaurants, 4 pubs and Super Valu and Centra shops, means that Maigh Cuilinn will have everything you need in a village on the outskirts of Galway City to have a great long weekend.


Clár Siamsaíochta

Déardaoin, 29ú Bealtaine

Mike Denver san Oll-phuball d’oíche mhór cheoil agus damhsa…….21.00


Aoine, 30ú Bealtaine

Na chéad chluichí …..7.30 - 9pm

Oscailt oifigiúil Chomórtas Peile na Gaeltachta 2014 san Oll-phuball ……..21.00

Fáilte roimh na foirne

Damhsa Seite san Oll-phuball le Comhaltas Maigh Cuilinn agus Caomhan O Fátharta….. 21.30

Ceol le Beairtle Ó Domhnaill & Ceann Gólaim….. 23.00


Satharn, an 31ú Bealtaine

Réamh-bhabhtaí na gcomórtas ar fad………..10.30 – 21.00

Galf in Uachtar Ard………….9am to 9.30am

Ceardaíocht san Oll-phuball ………..14.00 – 18.00

Ceol le na Ceannabháin agus Devane san Oll-phuball ………..21.00

Ceol le Blunderbrau san Oll-phuball ………..11.00

Dioscó


Domhnach, 1ú Meitheamh

Aifreann craolta ar Raidió na Gaeltachta ón séipéal i Maigh Cuilinn……..11.00

Siúlóid Staire timpeall Mhaigh Cuilinn .....12.00

Tráth na gCeist Idir-Ghaeltachta, as Teach na Gaeilge, Mhaigh Cuilinn ……..13.00

Cluichí Leath-Cheannais …….12.00 – 21.00

Damhsa Seite le Marcus Ó hIarnáin, a chlann agus Tony Ryan san Oll-phuball ……..15.00 – 18.00

Ceol le Don Stiffe, Marcus Hernon agus a chlann san Oll-phuball ………….21.00

Comórtas An Cailín Gaelach san Oll-phuball ……..22.00

Ceol le Don Stiffe, Marcus Hernon agus a chlann san Oll-phuball ……23.30


Luan, an 2ú Meitheamh

An Fáiltiú Oifigiúil agus Béile na Féile i bPáirc Mhaigh Cuilinn…..11.00

Cluichí ceannais ar na trí chomórtais…14.00 – 18.00

Slán leis na cuairteoirí…….18.00


Comórtas UEFA Euro 2016

MEMBERSHIP

LOTTO